Céard iad cearta bunúsacha?

© Unsplash/Oliver Cole
Is bunchearta agus saoirsí bunúsacha iad cearta bunúsacha a bhaineann le gach duine san AE. Tá siad mar an gcéanna is cuma cárbh as duit, céard a chreideann tú nó conas a chaitheann tú do shaol.

Tacaíonn na cearta seo le prionsabail thábhachtacha cosúil le dínit, cothroime, meas agus comhionannas. Socraíonn siad na caighdeáin a bhaineann leis an gcaoi a mhairimid agus a oibrímid san Eoraip sa lá inniu ann.

Tá cearta bunúsacha ag croílár an tionscadail Eorpaigh. Agus tá siad coisricthe ag an AE ina Chairt um Chearta Bunúsacha. Bunaíodh FRA chun iad a chosaint agus a chur chun cinn.

D’ainneoin na hoidhreachta seo, baineann go leor dúshlán le cleachtas na gceart bunúsach. Bailíonn FRA sonraí agus déanann sé anailís orthu ar mhaithe leis na ceisteanna seo a thuiscint agus déileáil leo.

Oibrímid i gcomhpháirt le hinstitiúidí an AE, Ballstáit agus an tsochaí shibhialta. I dteannta a chéile, cinntímid go bhfuil cearta bunúsacha ag gach duine atá ag maireachtáil san AE.

Céard é Cairt um Chearta Bunúsacha an AE?

Is í an Chairt um Chearta Bunúsacha bille ceart daonna an Aontais Eorpaigh. Cuimsítear i 50 airteagal na Cairte na cearta agus na saoirsí a bhaineann le gach duine san AE.

Sonraítear i bhforálacha ginearálta na Cairte a léirmhíniú agus a feidhmiú mionsonraithe. Tá dualgas ar Bhallstáit an Chairt a urramú agus a chomhlíonadh nuair a bhíonn siad ag feidhmiú laistigh de dhlí an AE.

Dhréachtaigh an Coinbhinsiún Eorpach an Chairt sa bhliain 1999. Agus d’fhógair Parlaimint na hEorpa an Chairt bliain ina dhiaidh sin. Thug Conradh Liospóin éifeacht dlí iomlán don Chairt ar an 1 Nollaig, 2009.

Cathain a chaithfidh údaráis an Chairt a chur i bhfeidhm?

Ceanglaíonn an Chairt um Chearta Bunúsacha ar Bhallstáit “díreach...nuair atá dlí an Aontais á chur chun feidhme”. Ach bíonn dlí an AE le cur chun feidhme ag leibhéal náisiúnta go minic freisin. Bíonn tionchar aige ar chodanna suntasacha de dhlí agus de cheapadh beartais Ballstát.

Ciallaíonn sé seo gurb iad breithiúna, polaiteoirí, oifigigh rialtais agus cleachtóirí dlí príomhghníomhairí na Cairte. Tá an Chairt i bhfeidhm nuair a bhíonn siad ag obair laistigh de dhlí an AE.

Tá ról lárnach ag cur i bhfeidhm na Cairte ar chur chun feidhme ceart dhlí an AE. Tá treoir le fáil i dtreoirleabhar FRA An Chairt um Chearta Bunúsacha a Chur i bhFeidhm.