Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, Comhlachtaí Comhionannais agus Institiúidí Ombudsman Oibríonn

FRA i ndlúthchomhar le hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, le Comhlachtaí Comhionannais agus le hInstitiúidí Ombudsman trí chruinnithe bliantúla a reáchtáil, trí pháirt a thabhairt do chomhlachtaí roghnaithe i dtionscadail FRA a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus trí ghníomhaíochtaí comhair a bhaineann le fionnachtana ó FRA a scaipeadh agus le gníomhaíocht leantach a dhéanamh ina leith. Tá malartú tráthrialta faisnéise ar bun idir FRA agus na comhlachtaí sin.

Daoine slabhra páipéir

Comhlachtaí Comhionannais

Cuirtear ceangal ar na Ballstáit le reachtaíocht AE comhlacht nó comhlachtaí a bhunú le haghaidh cóir chomhionann a chur chun cinn mar gheall ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar inscne nó ar ghnéas. Oibríonn FRA i gcomhar le comhlachtaí comhionannais trí Equinet (Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais), an struchtúr comhordúcháin dá gcuid, agus trí chomhar déthaobhach díreach. Cuirtear cruinnithe tráthrialta ar siúl idir FRA agus Equinet agus idir FRA agus na baill de Equinet ar bhonn téamach. Tugtar cuireadh do FRA go tráthrialta rannchuidiú le seisiúin oiliúna agus seimineáir Equinet freisin.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chomhlachtaí comhionannais, féach:

Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine

Tá Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine ina n-institiúidí náisiúnta arna mbunú leis an dlí agus i gcomhréir le ‘Prionsabail Pháras’, atá formhuinithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sé mar shainordú ag na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine cearta an duine a chur chun cinn ar leibhéal náisiúnta i gcomhréir le noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta sa réimse um chearta an duine. Oibríonn FRA i gcomhar leis na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine trí Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus trí chomhar déthaobhach díreach. Cuirtear cruinnithe téamacha bliantúla ar siúl idir FRA agus na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine freisin.

Féach na nithe seo a leanas chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine:

Institiúidí Ombudsman

Sásraí neamhspleácha sorochtana rialaithe de chuid riarachán poiblí náisiúnta is ea institiúidí Ombudsman. I roinnt de na Ballstáit, tugadh de chumhacht d’institiúidí ombudsman faireachán a dhéanamh ar an dóigh a gcuirtear caighdeáin áirithe sa réimse um chearta an duine chun feidhme, go háirithe an ceart chun dea-riaracháin a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá éagsúlacht mhór ann i sainordú na n-institiúidí ombudsman san AE agus sa chumhacht a thugtar dóibh. Oibríonn FRA i gcomhar le hinstitiúidí ombudsman ar leibhéil dhifriúla, agus bíonn sé ag iniúchadh dóigheanna ar féidir comhar a mhéadú.

Déan teagmháil le:

NHRBteam@fra.europa.eu