Fianáin

Úsáidimid fianáin ar ár láithreán gréasáin. Is é is fianán ann píosa beag sonraí a stórálann láithreán gréasáin ar ríomhaire nó gléas soghluaiste an chuairteora.

Úsáidimid fianáin chéad pháirtí le haghaidh fheidhmiú teicniúil an láithreáin ghréasáin agus, má thoilíonn tú leis seo, chun d’eispéireas brabhsála ar ár láithreán gréasáin a bhailiú le haghaidh staitisticí anaithnidithe, a bhfuil mar chuspóir leo feabhas a chur ar ár gcumarsáid agus ar an tseirbhís a thairgimid.

Is féidir an rogha chun an toiliú uait a bhainistiú a fháil ar an leathanach seo.

Chun amharc ar fhíseán de chuid FRA ar ár láithreán gréasáin, taispeánfar teachtaireacht duit á rá gur gá duit glacadh le fianáin tríú páirtí ó YouTube chun déanamh amhlaidh.  Tá a bheartais fianán agus phríobháideachais féin ag YouTube, ar beartais iad nach bhfuil aon smacht againn orthu. Ní shuiteálfar aon fhianáin ó YouTube go dtí go dtoileoidh tú le fianáin YouTube.


Fianáin chéad pháirtí le haghaidh fheidhmiú teicniúil an láithreáin ghréasáin

Ritear an láithreán gréasáin seo ar chóras bainistíochta inneachair Drupal. Socraíonn Drupal roinnt fianán chun feabhas a chur ar an eispéireas don úsáideoir agus chun cabhrú leis an láithreán a chur ar fáil (e.g. chun a thástáil cé acu atá nó nach bhfuil JavaScript cumasaithe ag úsáideoir.) Socraíonn Drupal na fianáin seo a leanas ar an láithreán seo:

Ainm fianáin

Fearann

Dul in Éag / Aois Uasta

Cuspóir

fs

fra.europa.eu

Seisiún

Stóráiltear leis an bhfianán seo an chlómhéid atá roghnaithe ag an úsáideoir.

has_js

fra.europa.eu

Seisiún

Tugtar leis an bhfianán seo fógra don chóras bainistíochta inneachair faoi cé acu atá nó nach bhfuil JavaScript cumasaithe agat i do shocruithe brabhsálaí. Is féidir leis inneachar a sholáthar ar bhealach oiriúnach, ag brath ar do shocruithe. Téann sé in éag nuair a dhúnann tú an brabhsálaí.

eu_cookie_consent

.europa.eu

Seisiún

Tugtar leis an bhfianán seo fógra don chóras bainistíochta inneachair faoi cé acu a thoiligh nó nár thoiligh tú le glacadh le fianáin anailísíochta chomhiomlánaithe agus le fianáin YouTube.

 

Fianáin chéad pháirtí a mbaineann Anailísíocht Matomo úsáid astu

Bainimid úsáid as anailísíocht gréasáin Matomo chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht shuíomh gréasáin FRA.

Is é is Matomo ann ardán anailísíochta foinse oscailte atá faoi rialú iomlán ag FRA. De bharr an ardáin sin is féidir sonraí pearsanta d’úsáideoirí deiridh a chosaint, a bhuí leis na gnéithe sin cosúil le dí-shainaithint seolta IP. Anuas air sin, chruthaigh FRA gné chun bainistiú a dhéanamh ar thoiliú úsáideoirí lena n-eispéireas brabhsála a bhailiú le haghaidh staitisticí anaithnidithe.

Ainm fianáin

Fearann

Dul in Éag / Aois Uasta

Cuspóir

_pk_id.

fra.europa.eu

13 mhí

Úsáidtear an fianán seo chun a rianú cé acu atá úsáideoir ina c(h)uairteoir nua nó ina (h)athchuairteoir ar an láithreán.

_pk_ses.

fra.europa.eu

30 nóiméad

Úsáidtear an fianán seo chun a rianú cé na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu

Faisnéis agus bearta cosanta sonraí in Matomo

Tá Matomo cumraithe chun fianáin chéad pháirtí a stóráil.

Is féidir le FRA fianáin (ó Matomo) a úsáid chun an fhaisnéis a leanas a rianú faoi chuairteoirí. Bainimid úsáid as an bhfaisnéis seo chun tuarascálacha staitisticí comhiomlánaithe anaithnide a ullmhú ar ghníomhaíocht cuairteoirí:

  • Seoladh IP (áit a bhfuil 2 bheart masctha)
  • Suíomh: tír, réigiún, cathair, neas-domhanleithead agus neas-domhanfhad (Geoshuíomh)
  • Dáta agus am na hiarrata (cuairt ar an láithreán)
  • Teideal an leathanaigh a bhfuiltear ag amharc air (Teideal an Leathanaigh)
  • URL an leathanaigh a bhfuiltear ag amharc air (URL an Leathanaigh)
  • URL an leathanaigh ar amharcadh air roimh an leathanach reatha (URL an Leathanaigh is Tagróir)
  • Taifeach scáileáin ghaireas an úsáideora
  • An t-am in amchrios áitiúil an chuairteora
  • Na comhaid ar cliceáladh orthu agus a íoslódáladh (Íoslódáil)
  • Naisc chuig fearann seachtrach ar cliceáladh orthu (Nasc Amach)
  • Aga giniúna na leathanach (an t-am a thógann sé le leathanaigh ghréasáin a ghiniúint ag an bhfreastalaí gréasáin agus ansin iad a íoslódáil ag an gcuairteoir: Luas na leathanach)
  • Príomhtheanga an bhrabhsálaí atá á úsáid (an ceanntásc Glac le Teanga)
  • An leagan den bhrabhsálaí, breiseáin bhrabhsálaí (PDF, Flash, Java, …) an leagan den chóras oibriúcháin, aitheantóir gairis (an ceanntásc Gníomhaire Úsáideora)
  • Teanga an leathanaigh a bhfuil cuairt á tabhairt air
  • Feachtais
  • Cuardach an Láithreáin 

Coinníonn FRA smacht iomlán ar na sonraí a bhailítear le fianáin chéad pháirtí trí na sonraí a stóráil i bhfreastalaithe atá faoina úinéireacht iomlán agus faoina rialú iomlán.

Seachas roinnt fianán seisiúin, gineann Matomo fianán dianseasmhach aitheantais randamaigh lena gcumasaítear do FRA an t-úsáideoir a shainaithint nuair a fhilleann sé/sí ar an láithreán. Tá dáta éagtha 13 mhí ag an bhfianán sin agus baintear d'fheiste an úsáideora é go huathoibríoch ina dhiaidh sin.

Fianáin tríú páirtí a mbaineann YouTube úsáid astu

Chun amharc ar fhíseán de chuid FRA ar ár láithreán gréasáin, taispeánfar teachtaireacht duit á rá gur gá duit glacadh le fianáin tríú páirtí ó YouTube chun déanamh amhlaidh.

Ainm fianáin

Fearann

Dul in Éag / Aois Uasta

Cuspóir

1P_JAR

.google.com

1 mhí

Bailítear leis an bhfianán seo staitisticí láithreáin ghréasáin agus rátaí tiontaithe rianaithe.

CONSENT

.google.com

20 bliain

Úsáidtear an fianán seo chun sainroghanna pearsanta agus faisnéis eile an úsáideora a shábháil. Áirítear leis sin an teanga roghnaithe, an líon torthaí cuardaigh atá le taispeáint ar an leathanach, agus an cinneadh ar cé acu ba cheart nó nár cheart scagaire SafeSearch Google a ghníomhachtú.

DV

www.google.com

7 nóiméad

Úsáidtear an fianán seo chun sainroghanna pearsanta agus faisnéis eile an úsáideora a shábháil. Áirítear leis sin an teanga roghnaithe, an líon torthaí cuardaigh atá le taispeáint ar an leathanach, agus an cinneadh ar cé acu ba cheart nó nár cheart scagaire SafeSearch Google a ghníomhachtú.

GPS

.youtube.com

1 lá

Cláraítear leis an bhfianán seo aitheantas uathúil ar ghairis mhóibíleacha chun gur féidir rianú a dhéanamh bunaithe ar shuíomh geografach GPS.

IDE

.doubleclick.net

1 bhliain

Is le Google DoubleClick a úsáidtear an fianán seo chun clárú agus tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhartha an úsáideora tar éis dó/di amharc nó cliceáil ar cheann de na fógráin de chuid an fhógróra. Déantar amhlaidh chun éifeachtúlacht an fhógráin a thomhas agus chun fógráin spriocdhírithe a thaispeáint don úsáideoir.

NID

.google.com

6 mhí

Cláraítear leis an bhfianán seo aitheantas uathúil lena sainaithnítear gaireas úsáideora fillte. Úsáidtear an t-aitheantas chun fógráin spriocdhírithe a thaispeáint.

PREF

.youtube.com

8 mí

Cláraítear leis an bhfianán seo aitheantas uathúil a mbaineann Google úsáid as chun staitisticí a choinneáil ar an dóigh a mbaineann an cuairteoir úsáid as físeáin YouTube ar láithreáin ghréasáin difriúla.

VISITOR_INFO1_LIVE

.youtube.com

179 lá

Leis an bhfianán seo, déantar iarracht meastachán a dhéanamh ar bhandaleithead an úsáideora ar leathanaigh a bhfuil físeáin YouTube comhtháite leo.

YSC

.youtube.com

Seisiún

Cláraítear leis an bhfianán seo aitheantas uathúil chun staitisticí a choinneáil ar na físeáin ó YouTube atá feicthe ag an úsáideoir.

 


Toiliú le d’eispéireas brabhsála a bhailiú le haghaidh staitisticí anaithnidithe agus le haghaidh amharc ar fhíseáin YouTube

Mar réamhshocrú, dhéanann FRA ná aon tríú páirtí eispéireas brabhsála na gcuairteoirí ar ár láithreán gréasáin a rianú. Féadfaidh tú a roghnú, áfach, toiliú le d’eispéireas brabhsála ar ár láithreán gréasáin a chomhroinnt linn chun gur féidir staitisticí anaithnidithe a tháirgeadh nó féadfaidh tú a roghnú toiliú le glacadh le fianáin tríú páirtí chun tú a chumasú amharc ar fhíseáin leabaithe YouTube ar ár láithreán gréasáin.

Má chumasaíonn tú an rogha Ná Rianaigh (féach thíos chun míniú a fháil) i do bhrabhsálaí gréasáin, urramóimid an rogha uait agus ní dhéanfar d’eispéireas brabhsála ar ár láithreán gréasáin a rianú le haghaidh ár staitisticí anaithnidithe.

Mura bhfuil an rogha Ná Rianaigh cumasaithe agat, taispeánfaimid meirge fianán duit chun gur féidir leat an rogha uait a dhéanamh agus suiteálfaimid fianán ar a dtugtar “eu_cookie_consent” chun cuimhneamh ar an rogha uait. Má thoilíonn tú leis an anailísíocht, gníomhachtófar Matomo agus lódálfar roinnt fianán ábhartha. Féadfaidh tú an toiliú uait a tharraingt siar nó toiliú a thabhairt arís tráth ar bith ar an leathanach seo.

Is fianán seisiúin é “eu_cookie_consent”: más rud é go ndúnann tú do bhrabhsálaí agus nach bhfuil an rogha Ná Rianaigh cumasaithe agat, taispeánfar an meirge fianán duit arís chun an rogha uait a athnuachan.

I gcás inar dhíchumasaigh tú gach fianán, taispeánfar an meirge fianán duit gach uair a thugann tú cuairt ar ár láithreán gréasáin.

Más mian leat toiliú leis an anailísíocht agus le fianáin tríú páirtí ó YouTube (nó an toiliú uait a tharraingt siar), brúigh:


Sainroghanna ‘Ná rianaigh’

Is feidhm é Ná Rianaigh lena ligtear do chuairteoirí gan a bheith á rianú ag láithreáin ghréasáin. Tá roghanna Ná Rianaigh ar fáil i roinnt brabhsálaithe, lena n-áirítear:

Firefox

Internet Explorer

Chrome

Safari

Opera

Rochtain shrianta ar fhaisnéis

Is trí phrótacal HTTPS a chriptítear an chumarsáid sonraí anailísíochta ar fad. Is iad baill foirne údaraithe de chuid na Gníomhaireachta a dhéileálann le Matomo nó fochonraitheoirí seachtracha atá údaraithe go cuí, agus ar féidir go gceanglófar orthu láithreáin áirithe a anailísiú, a fhorbairt agus/nó a chothabháil go tráthrialta, an t-aon ghrúpa daoine amháin a fhéadfaidh na tuarascálacha anailísíochta a ghineann Matomo a rochtain.

Seoltaí IP a cheilt

Tabhair do d'aire: déantar institiúid, cathair agus tír a fháil amach chun críoch staidrimh, bunaithe ar an seoladh iomlán IP, agus ansin stóráiltear agus comhiomlánaítear iad sula gcuirtear masc i bhfeidhm. Úsáideann Matomo sásra dí-shainaitheanta Prótacail Idirlín (IP) lena masctar cuid de sheoladh IP gach cuairteora go huathoibríoch. Fágann sé sin nach féidir aon chuairteoir ar leith ar shuíomh gréasáin FRA a shainaithint bunaithe ar an seoladh IP amháin.

Logaí cuairteoirí

Scriosann Matomo logaí cuairteoirí go huathoibríoch tar éis 54 seachtaine. Stórálann FRA sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe ar feadh tréimhse éiginnte chun críocha anailíse.


Fianáin mheán sóisialta

Tá FRA gníomhach ar chúig cinn d’ardáin mheán sóisialta. A bhuí lenár láithreacht i bpobail Twitter, YouTube Facebook, Instagram agus LinkedIn, neartaítear ár láithreacht agus ár n-infheictheacht ar líne.

  • Ní shocraítear le láithreán gréasáin FRA aon fhianáin nuair a thaispeántar naisc chuig ár gcainéil mheán sóisialta agus ár láithreán gréasáin á bhrabhsáil agat.
  • Is féidir leat amharc ar fhíseáin de chuid FRA, ar nithe iad a uaslódálaimid (a leabaímid) freisin ar ár leathanach ar YouTube. Is féidir leat naisc ónár láithreán gréasáin chuig Twitter, Facebook, Instagram agus LinkedIn a leanúint freisin.
  • Chun amharc ar fhíseán de chuid FRA ar ár láithreán gréasáin, taispeánfar teachtaireacht duit á rá gur gá duit glacadh le fianáin YouTube chun déanamh amhlaidh. Tá a bheartais fianán agus phríobháideachais féin ag YouTube, ar beartais iad nach bhfuil aon smacht againn orthu. Ní shuiteálfar aon fhianáin ó YouTube go dtí go dtoileoidh tú le fianáin YouTube.
  • Mar an gcéanna, má chliceálann tú ar chnaipí LinkedIn nó Facebook ar ár láithreán gréasáin, atreorófar thú chuig na láithreáin ghréasáin ábhartha, a bhfuil a mbeartais fianán agus phríobháideachais féin ag gach ceann díobh, ar beartais iad nach bhfuil aon smacht againn orthu. Is féidir leat beartais fianán na gcúig chainéal meán sóisialta a bhfuil FRA gníomhach orthu a fháil anseo:

Déan teagmháil

Is féidir leat an fhoirm theagmhála uainn a úsáid chun ceist a chur faoin dóigh a n-úsáidimid fianáin.