eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 14 - An ceart chun oideachais

Airteagal 14 - An ceart chun oideachais

1. Tá ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach.
2. Folaíonn an ceart sin an chaoi chun saoroideachas éigeantach a fháil.
3. Déanfar an tsaoirse chun forais oideachasúla a chur ar bun le hurraim chuí do phrionsabail dhaonlathacha agus do cheart tuismitheoirí a áirithiú go ndéanfar a leanaí a oiliúint agus a theagasc i gcomhréir lena n-áitiúis reiligiúnacha, fhealsúnacha agus oideolaíocha, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear feidhmiú na saoirse agus na gceart sin..

  • Text:

    1. Tá an ceart seo bunaithe ar chomhthraidisúin bhunreachtúla na mBallstát agus ar Airteagal 2 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD ar mar seo a leanas atá:
    `Ní dhiúltófar d'aon duine an ceart chun oideachais. Nuair a bheas sé ag feidhmiú aon fheidhmeanna dá ngabhfaidh sé chuige maidir leis an oideachas agus leis an teagasc, bhéarfaidh an Stát urraim do cheart tuismitheoirí chun a áirithiú go mbeidh an t-oideachas agus an teagasc sin i gcomhréir lena ndeimhní creidimh agus fealsúnachta féin.`
    Measadh gur mhaith an rud é réim an Airteagail seo a leathnú ionas go mbainfeadh sé leis an rochtain ar an ngairmoiliúint agus ar an oiliúint leanúnach (féach pointe 15 den Chairt Chomhphobail um Chearta Bunúsacha Sóisialta le haghaidh Oibrithe agus Airteagal 10 den Chairt Shóisialta), agus prionsabal an tsaoroideachais éigeantaigh a chur isteach ann freisin. An chaoi a bhfuil an fhoclaíocht, níl ann ach go bhfuil sé le tuiscint ón bprionsabal seo, fad a bhaineann leis an saoroideachas éigeantach, go mbeidh sé de dheis ag gach uile leanbh freastal ar fhoras ina dtairgtear saoroideachas. Ní chuireann sé de cheangal ar gach foras ina gcuirtear oideachas nó gairmoiliúint nó oiliúint leanúnach ar fáil, go háirithe forais phríobháideacha, é seo a dhéanamh saor in aisce. Ní fhágann sé ach an oiread nach gcaithfear íoc as sainfhoirmeacha áirithe oideachais má ghlacann an Stát bearta arb é is aidhm dóibh cúiteamh airgeadais a dheonú. A mhéid atá feidhm ag an gCairt maidir leis an Aontas, ciallaíonn sé seo nach mór don Aontas an saoroideachas éigeantach a urramú ina bheartais oiliúna ach, ar ndóigh, ní chruthaíonn sé seo aon chumhachtaí nua. Maidir le ceart tuismitheoirí, ní mór é a léiriú i dteannta fhorálacha Airteagal 24.
    2. Maidir leis an tsaoirse chun forais oideachasúla phoiblí nó phríobháideacha a bhunú, déantar í a ráthú mar ghné de ghnéithe den tsaoirse chun gnó a sheoladh ach tá teorainn léi toisc na hurraime do phrionsabail dhaonlathacha agus déantar í a fheidhmiú i gcomhréir leis na socruithe arna sainiú leis an reachtaíocht náisiúnta.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found