eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 17 - An ceart chun maoine

Airteagal 17 - An ceart chun maoine

1. Tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní fhéadfar a shealúchais nó a sealúchais a cheilt ar dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí, ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha mar chomaoin ar chailleadh na sealúchas sin. Féadfar úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta.
2. Déanfar an mhaoin intleachtúil a chosaint.

  • Text:

    Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 1 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD:
    `Tá gach duine aiceanta nó duine dlíthiúil i dteideal a shealús a theachtadh go sítheoilte. Ní bhainfear a shealús d'aon duine ach amháin ar mhaithe le leas an phobail agus faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear leis an dlí agus le buntreoracha ginearálta an dlí idirnáisiúnta.
    Ní bhainfidh na forálacha réamhráite in aon tslí, áfach, ó cheart Stáit chun pé dlíthe is gá leis a chur i bhfeidhm d'fhonn úsáid maoine a rialú ar mhaithe leis an leas coiteann nó d'fhonn a dheimhniú go n-íocfar cánacha nó sraitheanna eile nó pionóis.`
    Is ceart bunúsach é seo is coiteann do gach bunreacht náisiúnta. Is iomaí uair a aithníodh i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é, agus is i mbreithiúnas Hauer a aithníodh den chéad uair é ( 13 Nollaig 1979 [1979] ECR 3727). Cuireadh cruth na haimsire seo ar an bhfoclaíocht ó shin ach, i gcomhréir le hAirteagal 52(3), is ionann brí agus raon feidhme don cheart seo agus don cheart a ráthaítear sa CECD agus ní fhéadfar níos mó de theorainneacha a chur leis ná na teorainneacha dá bhforáiltear ansin.
    Déantar cosaint na maoine intleachtúla, gné amháin den cheart chun maoine, a lua go sonrach i mír 2 mar gur ag dul i méid atá an tábhacht a bhaineann léi agus toisc reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail. Folaíonn an mhaoin intleachtúil an mhaoin liteartha agus ealaíne; folaíonn sí freisin inter alia an ceart chun paitinne agus trádmharcanna agus cearta gaolmhara. Na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1, beidh feidhm mar is iomchuí acu maidir leis an maoin intleachtúil.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
  • Sky Österreich GmbH v Österreichischer Rundfunk
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Opinion of Advocate General
    Type:
    Opinion
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
  • Jozef Križan e.a. v Slovenská inšpekcia životného prostredia
    Decision date:
    Deciding body type:
    Cour de justice de l'Union européenne
    Deciding body:
    Opinion of Advocate General
    Type:
    Opinion
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
  • Interseroh Scrap and Metals Trading GmbH v Sonderabfall-Management-Gesellschaft Rheinland-Pfalz mbH (SAM)
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    European Court of Justice (Fourth Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
  • McDonagh v Ryanair Ltd
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Opinion of Advocate General
    Type:
    Opinion
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
  • Belgische Vereniging van Auteurs, Componisten en Uitgevers CVBA (SABAM) v Netlog NV
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Third Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
  • Martin Luksan v Petrus van der Let
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    European Court of Justice (Third Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2012:65
  • Eva-Maria Painer v Standard VerlagsGmbH and Others
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Third Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:62010CJ0145
  • Scarlet Extended SA v Société belge des auteurs, compositeurs et éditeurs SCRL (SABAM)
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Third Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2011:771
  • Hubert Pagnoul v Belgian State
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Fifth Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2011:609
  • Richard Lebrun and Marcelle Howet v Belgian State
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Fifth Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2011:614

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found