eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 35 - Cúram sláinte

Airteagal 35 - Cúram sláinte

Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus chun tairbhiú den chóireáil leighis faoi na coinníollacha atá bunaithe le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Déanfar ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.

  • Text:

    Tá na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagal 152 de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh curtha ina ionad anois, agus ar Airteagail 11 agus 13 de Chairt Shóisialta na hEorpa. Cuimsíonn an dara habairt den Airteagal a bhfuil in Airteagal 168(1).

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found