6
June
2018

Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2018 Tuairimí ó FRA

Tógadh céimeanna chun tosaigh agus céimeanna siar araon i ndáil le cosaint ceart bunúsach sa bhliain 2017. Déantar athbhreithniú sa Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2018 ó FRA ar na mórfhorbairtí san earnáil, agus sainaithnítear inti freisin na héachtaí a baineadh amach agus na rudaí ar ábhair imní iad go fóill.
San fhoilseachán seo, cuirtear i láthair tuairimí ó FRA faoi na príomhfhorbairtí sna réimsí téamacha a chumhdaítear agus déantar achoimre ar an bhfianaise a thacaíonn leis na tuairimí sin. Ar an mbealach sin, tugtar forbhreathnú atá achomair agus faisnéiseach ar na príomhdhúshláin i dtaca le cearta bunúsacha a bhfuil ar an Aontas agus na Ballstáit dul i ngleic leo.