eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 1 - Dínit an duine

Airteagal 1 - Dínit an duine

Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint..

  • Text:

    Ceart bunúsach ann féin is ea dínit an duine; ní hé amháin sin ach is í is bonn, dáiríre, do na cearta bunúsacha. Rinneadh dínit an duine a chumhdach i 1948 i mbrollach an Dearbhaithe Uilechoitinn um Chearta an Duine: `... de bhrí go bhfuil aitheantas ar an dínit inghreamaithe agus ar na cearta comhionanna dosháraithe atá ag gach duine sa teaghlach daonna mar bhunús leis an tsaoirse, leis an gceartas agus leis an tsíocháin sa chruinne`. Sa bhreithiúnas a thug sí an 9 Deireadh Fómhair 2001 i gcás C–377/98 an Ísiltír v. Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, 2001 ECR I-7079, i bhforais Uimh. 70 – 77, dhaingnigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cuid de dhlí an Aontais ceart bunúsach an duine chun a dhínite.
    Fágann sin nach féidir úsáid a bhaint as aon cheann de na cearta a leagtar síos sa Chairt seo chun dochar a dhéanamh do dhínit duine eile, agus gur cuid de shubstaint na gceart a leagtar síos sa Chairt seo í dínit an duine. Ní mór, dá bhrí sin, í a urramú, fiú amháin agus srian á chur ar cheart.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found