eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 11 - Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

Airteagal 11 - Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse nochtaithe tuairime. Folóidh an ceart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha.

2. Déanfar saoirse agus iolrachas na meán a urramú.

  • Text:

    1. Freagraíonn Airteagal 11 d'Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ar mar seo a leanas atá:
    `1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun tuairimí a nochtadh. Áirítear sa cheart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag duine agus chun eolas agus smaointe a ghlacadh agus a leathadh gan aon bhac ón údarás poiblí agus gan aird ar chríochtheoranta. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo aon Stát a chosc óna chur faoi dear do ghnóthais forleatha, chianamharcaíochta nó chineama ceadúnais a bheith acu.
    2. Ós rud é go bhfuil dualgais agus mortabháil ag gabháil le feidhmiú na saoirsí sin, is cead go mbeadh a bhfeidhmiú faoi réir pé foirmiúlachtaí, coinníollacha, srianta nó pionós a bheas ordaithe le dlí agus is gá i ndaonlathas, ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta, le comhláine chríocha an Stáit nó le sábháilteacht an phobail, chun anord nó coiriúlacht a chosc, chun an tsláinte nó an mhoráltacht a chosaint, chun clú nó cearta daoine eile a chosaint, chun cosc a chur le sceitheadh aon eolais a gheofar i modh rúin, nó chun údarás agus neamhchlaontacht breithiúna a chumhdach.`
    De bhun Airteagal 52(3) den Chairt is ionann brí agus raon feidhme don cheart seo agus don cheart a ráthaítear sa CECD. Ní fhéadfar, mar sin, níos mó de theorainneacha a chur go dlisteanach leis ná na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 10(2) den Choinbhinsiún, gan dochar d'aon srianta a fhéadfar a fhorchur le dlí iomaíochta an Aontais ar cheart na mBallstát na socruithe maidir le ceadúnais dá dtagraítear sa tríú habairt d'Airteagal 10(1) den CECD a thabhairt isteach.
    2. Léiríonn mír 2 den Airteagal seo go soiléir iarmhairtí mhír 1 maidir le saoirse na meán. Tá sé bunaithe ach go háirithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis an teilifís, go háirithe sa chás C–288/89 (breithiúnas an 25 Iúil 1991, Stichting Collectieve Antennevoorziening Gouda e.a. [1991] ECR I–4007), agus ar an bPrótacal maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit atá i gceangal le Conradh CE agus atá anois i gceangal leis na conarthaí, agus ar Threoir 89/552/CEE ón gComhairle (go háirithe an seachtú réamhaithris déag de).

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
  • GC, AF, BH, ED v Commission nationale de l’informatique et des libertés (CNIL)
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Advocate General
    Type:
    Opinion
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2019:14
  • Spiegel Online GmbH v Volker Beck
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Advocate General
    Type:
    Opinion
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2019:16
  • Südwestrundfunk v Tilo Rittinger and Others
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Fourth Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Competition
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2018:1019
  • X and the Data Protection Ombudsman v Google Finland and Google Inc.
    Decision date:
    Deciding body type:
    National Court/Tribunal
    Deciding body:
    Supreme Administrative Court
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Information society
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:FI:KHO:2018:112
  • Land Nordrhein-Westfalen v Dirk Renckhoff.
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Second Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2018:634
  • Re. the application of Ioannis Hadjioannou and George Longkritis for permit to file an application for a certiorari order
    Decision date:
    Deciding body type:
    National Court/Tribunal
    Deciding body:
    Supreme Court of Cyprus, Primary Jurisdiction
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Information society
    ECLI (European case law identifier):
  • Re. the Application of Artemis Kkolos for the issue of a certiorari order
    Decision date:
    Deciding body type:
    National Court/Tribunal
    Deciding body:
    Supreme Court of Cyprus, Appeal Jurisdiction
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Information society
    ECLI (European case law identifier):
  • Land Nordrhein-Westfalen v Dirk Renckhoff
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Advocate General
    Type:
    Opinion
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2018:279
  • Peugeot Deutschland GmbH v Deutsche Umwelthilfe eV.
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Ninth Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Information society
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2018:85
  • Bavarian internet service provider (ISP) v Federal Network Agency (Bundesnetzagentur)
    Decision date:
    Deciding body type:
    National Court/Tribunal
    Deciding body:
    Higher Administrative Court North Rhine-Westphalia
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    DE:OVGNRW:2017:0622.13B238.17.00

0 results found

0 results found

0 results found