Aithnítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais an tsaoirse chun gairm a roghnú, mar atá cumhdaithe in Airteagal 15(1) (féach inter alia breithiúnas an 14 Bealtaine 1974, Cás 4/73 Nold [1974] ECR 491, míreanna 12 go 14 de na forais; breithiúnas an 13 Nollaig 1979, Cás 44/79, Hauer, [1979] ECR 3727; breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 1986, Cás 234/85 Keller [1986] ECR 2987, mír 8 de na forais).
Tarraingítear sa mhír seo freisin ar Airteagal 1(2) de Chairt Shóisialta na hEorpa a síníodh an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile, agus ar phointe 4 de Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe an 9 Nollaig 1989. Tá an téarma `dálaí oibre` le tuiscint de réir bhrí Airteagal 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Déileálann mír 2 leis na trí shaoirse a ráthaítear in Airteagail 26 agus 45, agus in Airteagail 49 agus 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, eadhon, saorghluaiseacht d'oibrithe, saoirse bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar.
Tá mír 3 bunaithe ar an Airteagal 153(1)(g) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus ar Airteagal 19(4) de Chairt Shóisialta na hEorpa, a síníodh an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus a dhaingnigh na Ballstáit uile. Dá bhrí sin, tá Airteagal 52(2) den Chairt infheidhme. Maidir le mairnéalaigh a bhfuil náisiúntacht tríú Stáit acu a earcú ar chriúnna bád atá faoi bhratach Ballstáit den Aontas, tá an cheist sin á rialú ag dlí an Aontais agus ag an reachtaíocht agus ag an gcleachtas náisiúnta.