Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Airteagal 26 - Daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas ceart daoine faoi mhíchumas chun tairbhiú de bhearta atá ceaptha chun neamhspleáchas na ndaoine sin, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.