Dlúthpháirtíocht
Airteagal 31 - Dálaí oibre cothroma agus córa
1. Tá ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit. 2. Tá ag gach oibrí an ceart chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, chun tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana.
1. Tá mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar Threoir 89/391/CEE maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh. Tarraingíonn sé freisin ar Airteagal 3 den Chairt Shóisialta agus ar phointe 19 den Chairt Chomhphobail um chearta le haghaidh oibrithe agus, maidir leis an dínit ag an obair, ar Airteagal 26 den Chairt Shóisialta athbhreithnithe. Tá an téarma `dálaí oibre` le tuiscint de réir bhrí Airteagal 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
2. Tá mír 2 bunaithe ar Threoir 93/104/CE maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre, ar Airteagal 2 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointe 8 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe.