Cearta na saoránach
Airteagal 44 - An ceart chun achainí a dhéanamh
Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa.
An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is é an ceart a ráthaítear le hAirteagail 20 agus 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá feidhm aige faoi na coinníollacha a shainítear sa dá Airteagal sin.