eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 50 - An ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna

Airteagal 50 - An ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna

Ní dhlífear aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí.

  • Text:

    Mar seo a leanas atá in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 7 a ghabhann leis an CECD:

    `1. Ní féidir aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla faoin dlínse sa Stát céanna i ngeall ar chion a bhfuil sé éigiontaithe nó ciontaithe go críochnaitheach i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí agus an nós imeachta coiriúil sa Stát sin.

    2. Ní choiscfidh na forálacha sa mhír roimhe seo ar an gcás a athoscailt i gcomhréir leis an dlí agus an nós imeachta coiriúil sa Stát i dtrácht, má tá fianaise nua nó fíorais atá fionnta go nua nó má tá éalang bunúsach sna himeachtaí roimhe sin a d'fhéadfadh fearadh ar an mbreithiúnas a tugadh.

    3. Níl aon mhaolú ceadaithe ar an Airteagal seo faoi Airteagal 15 sa Choinbhinsiún.`

    Tá feidhm ag riail an `non bis in idem` maidir le dlí an Aontais (féach, i measc na raidhse fasach, breithiúnas an 5 Bealtaine 1996, Cásanna Ceangailte 18/65 agus 35/65, Gutmann v. Coimisiún [1966] ECR 149 agus cás a bhí ann le déanaí, breith ón gCúirt Chéadchéime an 20 Aibreán 1999, Cásanna Ceangailte T305/94 agus eile, Limburgse Vinyl Maatschappij NV v. Coimisiún [1999] ECR II-931). Carnadh dhá phionós den chineál céanna atá i gceist sa riail a thoirmisceann an carnadh, eadhon pionóis dlí choiriúil.

    I gcomhréir le hAirteagal 50, ní hé amháin go bhfuil feidhm ag riail an `non bis in idem` laistigh de dhlínse aon Stáit amháin ach tá feidhm aici freisin idir dhlínsí roinnt Ballstát. Freagraíonn sé seo don acquis i ndlí an Aontais; féach Airteagail 54 go 58 de Choinbhinsiún Schengen agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 11 Feabhra 2003, C–187/01 Gözütok (2003, ECR I-1345), Airteagal 7 den Choinbhinsiún maidir le Leasa Airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus Airteagal 10 den Choinbhinsiún maidir leis an éillitheacht a chomhrac. Na heisceachtaí fíortheoranta atá sna Coinbhinsiúin sin a cheadaíonn do na Ballstáit riail an `non bis in idem` a mhaolú, clúdaítear sa chlásal cothrománach in Airteagal 52(1) den Chairt maidir le teorainneacha iad. Maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 7, eadhon ina ndéantar an prionsabal a chur i bhfeidhm laistigh den Bhallstát céanna, is ionann brí agus raon feidhme don cheart ráthaithe agus don cheart comhfhreagrach sa CECD.

    TEIDEAL VII – FORÁLACHA GINEARÁLTA A bhFUIL LÉIRIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM NA CAIRTE FAOINA RIALÚ

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
  • Criminal proceedings against Leopold Henri Van Esbroeck v Openbaar Ministerie
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    European Court of Justice
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    EU:C:2006:16
  • Criminal proceedings against Leopold Henri Van Esbroeck v Openbaar Ministerie
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    European Court of Justice
    Type:
    Opinion
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    EU:C:2005:630

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found