- Text:
Freagraíonn an tAirteagal seo don cheart a ráthaítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal 22 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an gceart sin a fheidhmiú). I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá feidhm aige faoi na coinníollacha a shainítear leis na hAirteagail sin sna conarthaí.
Source:Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
Airteagal 40 - An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha
Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.
CHARTERPEDIA RESOURCES