eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 49 - Prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis

Airteagal 49 - Prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis

1. Ní bhfaighfear aon duine ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta tráth a dhéanta. Ná ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil. Más rud é, tar éis an cion coiriúil a dhéanamh, go bhforáiltear do phionós níos éadroime sa dlí, beidh an pionós sin infheidhme. 2. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do thriail agus do phionósú aon duine i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh a bhí, tráth a dhéanta, coiriúil de réir na bprionsabal ginearálta atá aitheanta ag pobal na náisiún. 3. Ní ceadmhach déine na bpionós a bheith neamhchomhréireach leis an gcion coiriúil..

  • Text:

    Leanann an tAirteagal seo an riail thraidisiúnta maidir le neamh-aisghníomhaíocht dlíthe agus smachtbhannaí coiriúla. Cuireadh leis seo an riail maidir le haisghníomhaíocht dlí choiriúil níba thrócairí, atá ann i roinnt Ballstát agus atá le fáil in Airteagal 15 den Chúnant maidir le Cearta Sibhialta agus Polaitiúla.

    Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 7 den CECD:

    `1. Ní mheasfar aon duine a bheith ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil faoin dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta an tráth a rinneadh é. Ná ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil.

    2. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar do thriail agus pionósú aon duine in aon ghníomh nó neamhghníomh ba chion coiriúil tráth a dhéanta do réir na bprionsabal ginearálta dlí a aithníos náisiúin shibhialta.`

    I mír 2, scriosadh an tagairt do náisiúin `shibhialta`, ní athraíonn sé seo an bhrí atá leis an mír, ina dtagraítear ach go háirithe do chionta in aghaidh na daonnachta. I gcomhréir le hAirteagal 52(3), is ionann brí agus raon feidhme atá don cheart a ráthaítear anseo agus don cheart a ráthaítear sa CECD.

    I mír 3 luaitear prionsabal ginearálta na comhréire idir pionóis agus cionta coiriúla, prionsabal atá cumhdaithe i gcomhthraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát agus i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
  • Özlem Garenfeld Criminal proceedings against QB
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    Court (Fourth Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:EU:C:2011:722
  • ThyssenKrupp Nirosta GmbH v European Commission
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    European Court of Justice (Grand Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
  • Scoppola v. Italy (No. 2)
    Decision date:
    Deciding body type:
    European Court of Human Rights
    Deciding body:
    Court (Grand Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    Justice, freedom and security
    ECLI (European case law identifier):
    ECLI:CE:ECHR:2009:0917JUD001024903
  • Advocaten voor de Wereld VZW v Leden van de Ministerraad
    Decision date:
    Deciding body type:
    Court of Justice of the European Union
    Deciding body:
    European Court of Justice (Grand Chamber)
    Type:
    Decision
    Policy area:
    ECLI (European case law identifier):
    EU:C:2007:261

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found