eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Teideal IV

Dlúthpháirtíocht

  • Ní mór a ráthú go dtabharfar faisnéis d'oibrithe nó dá gcuid ionadaithe agus go ndéanfar comhairliúchán leo, ar gach leibhéal iomchuí agus in am trátha, sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta.

  • Tá an ceart ag fostóirí agus ag fostaithe, nó ag a n-eagraíochtaí faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích ar na leibhéil iomchuí agus, má tá coinbhleacht leasa ann, chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh, lena n-áirítear dul ar stailc, chun a leasanna féin a chosaint.

  • Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil saor in aisce ar sheirbhís socrúcháin.

  • Tá ag gach oibrí an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú neamh-inleithscéil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

  • 1. Tá ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit.
    2. Tá ag gach oibrí an ceart chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, chun tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana.

  • Toirmisctear fostaíocht a thabhairt do leanaí. Ní fhéadfaidh an aois íosta chun dul i mbun fostaíochta a bheith níos ísle ná an aois íosta chun an scoil a fhágáil, gan dochar do cibé rialacha atá níos fabhrúla do dhaoine óga agus seachas i gcás maoluithe teoranta amháin.
    Daoine óga a gceadaítear dóibh dul i mbun fostaíochta, ní mór dálaí oibre a bheith acu a oireann dá n-aois agus ní mór iad a chosaint ar dhúshaothrú eacnamaíoch agus ar aon obair ar dóigh di a sábháilteacht, a sláinte, a bhforbairt choirp, mheabhrach, mhorálta nó shóisialta a dhochrú nó cur isteach ar a n-oideachas.

  • 1. Beidh ag an teaghlach cosaint dhlítheanach, eacnamaíoch agus shóisialta.
    2. Chun gur féidir comhréiteach a fháil idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil, beidh ag gach duine an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an ceart chun saoire mháithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir tar éis breithe nó uchtála linbh.

  • 1. Aithníonn agus urramaíonn an tAontas an teideal chuig liúntais slándála sóisialta agus seirbhísí sóisialta lena soláthraítear cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tionóiscí tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus i gcásanna ina gcailltear fostaíocht, ach sin i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
    2. Tá gach duine a chónaíonn agus a ghluaiseann go dleathach laistigh den Aontas Eorpach i dteideal liúntais slándála sóisialta agus buntáistí sóisialta a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
    3. D'fhonn eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac, aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart chun cúnamh sóisialta agus tithíochta a fháil chun a áirithiú go bhfuil caighdeán maireachtála cuibhiúil ag na daoine sin go léir gan acmhainní leordhóthanacha, de réir na rialacha atá leagtha síos le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

  • Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus chun tairbhiú den chóireáil leighis faoi na coinníollacha atá bunaithe le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Déanfar ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.

  • Aithníonn agus urramaíonn an tAontas rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta dá bhforáiltear i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta, i gcomhréir leis na Conarthaí, d'fhonn comhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn.

  • Ní mór ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a lánpháirtiú i mbeartais an Aontais, agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.
     

  • Déanfar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i mbeartais an Aontais.

Teideal IV

Dlúthpháirtíocht