Na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile

Oibríonn an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe (NA), leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE), le Comhairle na hEorpa agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile. Tá an comhar sin ina chuid de Rialachán Bunaidh FRA agus áirítear leis comhairliúcháin le saineolaithe, comhdhálacha, seimineáir agus comhroinnt sonraí agus faisnéise. Is é an toradh atá ar chomhar go gcruthaítear sineirgí agus go mbaintear an leas is fearr as acmhainní chun nach ndúbláiltear an obair. Cabhraíonn sé freisin lena áirithiú go gcomhlánaíonn obair na n-eagraíochtaí difriúla obair na n-eagraíochtaí eile chun go mbeidh moltaí agus comhairle níos ailínithe lena chéile.

Tugtar faisnéis ar an leathanach seo faoin gcomhar atá ar bun ag FRA leo seo a leanas:

Na Náisiúin Aontaithe

Oibríonn an Ghníomhaireacht i gcomhar le raon leathan comhlachtaí de chuid NA. Mar shampla, tiomsaíonn sí fionnachtana spriocdhírithe ó Bhallstáit AE agus cuireann sí iad faoi bhráid na gcomhlachtaí faireacháin um chonarthaí chearta an duine agus na nósanna imeachta speisialta de chuid NA. Cuireann sí ionchur isteach i bpróiseas an Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoitinn a dtugann NA faoi freisin.

Buaileann FRA go tráthrialta le hOifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (OHCHR), le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), le hOifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC), le Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP), le Ciste Leanaí na Náisiún Aontaithe (UNICEF), leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM), agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (ILO).

Obair FRA a dhíriú ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, socraítear cuspóirí forbartha domhanda don tréimhse ón mbliain 2015 go dtí an bhliain 2030. Tháinig siad in ionad Spriocanna Forbartha na Mílaoise, lenar cumhdaíodh an tréimhse ón mbliain 2000 go dtí an bhliain 2015. Agus iad faoi chomhordú ag NA, socraítear leis na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe an creat le haghaidh an-chuid de chomhar forbartha agus iltaobhach an domhain. Sa tábla thíos, tugtar forbhreathnú ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus nasctar iad chuig na hAirteagail is ábhartha i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugtar samplaí ann freisin de thionscadail ghaolmhara de chuid FRA.

Uirlisí lena nasctar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le hionstraimí chearta an duine:

Rannchuidíonn stáit agus an tsochaí shibhialta, mar aon le heintitis amhail corparáidí, leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh. Sna hiarrachtaí i dtús na tréimhse ón mbliain 2015 go dtí an bhliain 2030, táthar ag díriú ar an 230 táscaire a líonadh le sonraí, agus iad eagraithe faoi 169 gcuspóir agus faoi na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe. Tá FRA ag rannchuidiú leis na hiarrachtaí sin trí obair le Eurostat chun táscairí a líonadh ar leibhéal AE agus trí rannchuidiú le comhairliúcháin mhodheolaíocha ar leibhéal na Náisiún Aontaithe.

Tá na Náisiúin Aontaithe ag comóradh 70 bliain ó Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine an 10 Nollaig 2018 trí fheachtas bliana dar teideal Seasamh ar son chearta an duine a sheoladh.

An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip

Oibríonn FRA i ndlúthchomhar leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE), go háirithe lena hOifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR). Cuimsíonn sé sin comhghníomhaíochtaí i mBallstáit AE.

Áirítear na nithe seo le samplaí den chomhar sin:

An fhuathchoireacht a chomhrac

Oibríonn FRA agus ODIHR le chéile chun cabhrú le stáit sonraí fuathchoireachta a thaifeadadh agus a bhailiú. Ag obair dóibh i gcomhpháirt lena chéile, eagraíonn siad ceardlanna náisiúnta lena dtugtar cúnamh teicniúil d’údaráis náisiúnta forghníomhaithe dlí agus cheartais choiriúil. Tháinig an tionscnamh sin sna sála ar sheoladh na Treorach Praiticiúla maidir le Faireachán agus Bailiú a Dhéanamh ar Shonraí faoin bhFuathchoireacht ó ODIHR sa bhliain 2014. Glacann ODIHR páirt freisin san Fhoghrúpa maidir le modheolaíochtaí le haghaidh sonraí faoin bhfuathchoireacht a thaifeadadh, rud a gcomhordaíonn FRA é.

Méid an fhoréigin in aghaidh na mban a nochtadh

D’éirigh an suirbhé ó FRA ar fhoréigean in aghaidh na mban ina fhoinse sonraí iontaofa inchomparáide ar mhéid, cineál agus iarmhairtí an fhoréigin in aghaidh na mban i mBallstáit AE. Sheol an Rannóg Inscne de Rúnaíocht OSCE suirbhé comhchosúil ar Fholláine agus Sábháilteacht na mBan, bunaithe ar an suirbhé ó FRA. Cumhdaítear leis roinnt tíortha nach tíortha AE iad in Oirdheisceart na hEorpa, in Oirthear na hEorpa agus i gCugas Theas. Thug FRA comhairle theicniúil fud fad an tsuirbhé ó ESCE agus meastar go bhfoilseofar na chéad torthaí sa bhliain 2019.

Rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa saol polaitiúil a chur chun cinn

Tá FRA ina chuid de ghrúpa saineolaithe ODIHR um rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sa saol polaitiúil agus sa saol poiblí. Cuireann an grúpa sin comhairle do ODIHR maidir le saincheisteanna a bhaineann le míchumas agus maidir le forbairtí ábhartha i Stáit dhifriúla a ghlacann páirt in OSCE. Tháinig an grúpa le chéile den chéad uair i Scóipé an 22 Meitheamh 2017.

Oibríonn FRA i ndlúthchomhar le hArd-Choimisinéir OSCE um Mionlaigh Náisiúnta (HCNM).

Eagraíochtaí Idirnáisiúnta Eile

De bhreis air sin, oibríonn an Ghníomhaireacht i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), an Lárionad Idirnáisiúnta um Fhorbairt Beartas Imirce (ICMPD) agus le heintitis eile a bhfuil gné idirnáisiúnta acu, go háirithe Deontais LEE agus na hIorua.

Deontais LEE agus na hIorua Oibríonn an Ghníomhaireacht i gcomhar le Deontais LEE agus na hIorua mar chomhpháirtí straitéiseach i gcearta bunúsacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh. Aidhm atá leis an gcomhar is ea tacú le cláir agus tionscadail a fhaigheann cistiú ó Dheontais LEE agus na hIorua a dhearadh agus a chur chun feidhme i mBallstáit roghnaithe AE. Aidhmeanna eile atá leis is ea feasacht a mhúscailt ar chearta bunúsacha, eisiamh sóisialta agus idirdhealú a chomhrac, agus tacú le tionscnaimh ghaolmhara shochaí sibhialta.

Tá an Ghníomhaireacht ar cheann amháin de na trí Eagraíocht Comhpháirtíochta Idirnáisiúnta a thacaíonn le Deontais LEE agus na hIorua ar leibhéal straitéiseach chun a áirithiú go gcloíonn cláir agus tionscadail le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta.

Oibríonn FRA i gcomhar leis na Deontais ar thrí bhealach dhifriúla:

  1. Mar Eagraíocht Comhpháirtíochta Idirnáisiúnta, tugann an Ghníomhaireacht comhairle maidir le roinnt de chláir na nDeontas agus glacann sí páirt iontu. Áirítear leo sin cláir sa tSeicia maidir le ‘Cearta an Duine, Lánpháirtiú na Romach agus Foréigean Baile agus Inscnebhunaithe’ agus cláir sa Ghréig maidir le ‘Lánpháirtiú agus cumhachtú na Romach’.
  2. Mar chomhpháirtí idirnáisiúnta tionscadail ar leibhéal an tionscadail, lena n-áirítear sa Bhulgáir, sa tSeicia agus sa Ghréig.
  3. Comhar agus cumarsáid straitéiseach maidir le hócáidí AE a bhaineann le cearta bunúsacha, amhail an chomhdháil chomhpháirteach le hUachtaránacht Chomhairle AE agus Deontais LEE agus na hIorua, aon uair atá Uachtaránacht AE i seilbh ceann amháin de na stáit is tairbhithe de chuid na nDeontas. Tá na Deontais ina gcomhpháirtí straitéiseach de chuid Fhóram na gCeart Bunúsach de chuid na Gníomhaireachta freisin, agus iad ag soláthar tacaíocht airgeadais do rannpháirtíocht toscairí agus do rannpháirtíocht i mBord Comhairleach an Fhóraim. 

Is é atá i nDeontais LEE agus na hIorua an méid a rannchuidíonn an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua le héagothromaíocht eacnamaíoch agus shóisialta san Eoraip a laghdú agus le caidreamh déthaobhach a neartú le 15 stát is tairbhithe.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi Dheontais LEE agus na hIorua san fhíseán thíos: 

Tairseach sonraí Dheontais LEE agus na hIorua.