Dínit
Airteagal 2 - Ceart chun beatha
1. Tá ag gach duine an ceart chun beatha.
2. Ní dhéanfar aon duine a dhaoradh chun pionós an bháis ná a chur chun báis.
1. Tá mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar an gcéad abairt d'Airteagal 2(1) den CECD ar mar seo a leanas atá: `1. Cosnóidh an dlí ceart gach uile dhuine chun a bheo...` 2. Cuireadh as ionad an dara habairt den fhoráil, ina ndearnadh tagairt do phionós an bháis, ar theacht i bhfeidhm d'Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann leis an CECD ar mar seo a leanas atá: `Déantar an bhreith bháis a dhíothú. Ní dhaorfar aon duine chun báis ná ní chuirfear aon duine chun báis.` Tá Airteagal 2(2) den Chairt bunaithe ar an bhforáil sin. 3. Freagraíonn forálacha Airteagal 2 den Chairt do na hAirteagail thuasluaite den CECD agus dá Phrótacal. Is ionann brí agus raon feidhme dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt. Ní mór a mheas, dá bhrí sin, gur cuid den Chairt freisin iad na sainmhínithe `diúltacha` atá sa CECD: (a) Airteagal 2(2) den CECD: `Ní mheasfar gur sárú ar an Airteagal seo bás d'imirt ar dhuine trí fhorneart d'úsáid nach mó ná mar is dianghá: (a) chun aon duine a chosaint ar fhoréigean neamhdhleathach; (b) chun duine a ghabháil go dleathach nó duine faoi choinneáil dhleathach a chosc ar éalú; (c) chun gníomh dleathach a dhéanamh d'fhonn círéib nó éirí amach a chur faoi chois.` (b) Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann leis an CECD: `Féadfaidh Stát an bhreith bháis a fhoráil ina reachtaíocht i leith gníomhartha arna ndéanamh tráth cogaidh nó tráth garbhagairt cogaidh; ní chuirfear an bhreith sin i bhfeidhm ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa reachtaíocht sin agus i gcomhréir leis na forálacha ann ...`.
Article 28 Everyone shall have the right to life. Any attempt upon a human life shall be punished as a most severe crime.
Чл. 28 Всеки има право на живот. Посегателството върху човешкия живот се наказва като най-тежко престъпление.
Artikel 14bisDe doodstraf is afgeschaft.Artikel 18De burgerlijke dood is afgeschaft; hij kan niet opnieuw worden ingevoerd.
Article 14bisLa peine de mort est abolie.Article 18La mort civile est abolie; elle ne peut être rétablie.
Article 14bisCapital punishment is abolished.Article 18Civil death is abolished; it cannot be re-introduced.
Artikel 85 Die Todesstrafe ist abgeschafft.
Article 85 Capital punishment is abolished.