eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Airteagal 34 - Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta

Airteagal 34 - Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta

1. Aithníonn agus urramaíonn an tAontas an teideal chuig liúntais slándála sóisialta agus seirbhísí sóisialta lena soláthraítear cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tionóiscí tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus i gcásanna ina gcailltear fostaíocht, ach sin i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
2. Tá gach duine a chónaíonn agus a ghluaiseann go dleathach laistigh den Aontas Eorpach i dteideal liúntais slándála sóisialta agus buntáistí sóisialta a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
3. D'fhonn eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac, aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart chun cúnamh sóisialta agus tithíochta a fháil chun a áirithiú go bhfuil caighdeán maireachtála cuibhiúil ag na daoine sin go léir gan acmhainní leordhóthanacha, de réir na rialacha atá leagtha síos le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

  • Text:

    Tá an prionsabal a leagtar amach in Airteagal 34(1) bunaithe ar Airteagail 153 agus 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 12 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointe 10 den Chairt Chomhphobail um Chearta le haghaidh Oibrithe. Ní mór don Aontas é a urramú agus na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagal 153 agus 156 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á bhfeidhmiú aige. An tagairt do sheirbhísí sóisialta, is tagairt í do chásanna inar tugadh isteach seirbhísí den sórt sin chun buntáistí áirithe a sholáthar, ach ní thugann sí le tuiscint go bhfuil seirbhísí den sórt sin le cruthú san áit nach ann dóibh. Ní foláir an bhrí chéanna a bhaint as `máithreachas` agus atá le baint as san Airteagal roimhe seo.
    Tá mír 2 bunaithe ar Airteagail 12(4) agus 13(4) de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar phointe 2 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe agus meabhraíonn sí na rialacha a eascraíonn as Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68.

    Tarraingíonn mír 3 ar Airteagal 13 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar Airteagail 30 agus 31 den Chairt Shóisialta athbhreithnithe agus ar phointe 10 den Chairt Chomhphobail. Ní mór don Aontas í a urramú i gcomhthéacs na mbeartas arna mbunú ar Airteagal 153 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Source:
    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007
    Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:
    Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.

0 results found

0 results found

0 results found

0 results found