Baineann na cearta bunúsacha seo le gach duine san AE. Is cuma cé tú féin, céard a chreideann tú nó conas a chaitheann tú do shaol.
Cabhraímid leis na cearta seo a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear:
- An ceart chun a bheith saor ó idirdhealú mar gheall ar aois, míchumas nó cúlra eitneach
- An ceart chun do shonraí pearsanta a chosaint
- An ceart chun rochtain ar cheartas a fháil
Oibrímid le páirtithe leasmhara ag an leibhéal áitiúil agus ag an leibhéal idirnáisiúnta. Roinneann ár bhfoireann léargais fhianaisebhunaithe agus comhairle le lucht déanta beartais agus le cinnteoirí.