An Creat AE don Choinbhinsiún - Cur chun cinn

Ceann de phríomhspriocanna an AE is ea cearta an duine a chur chun cinn san AE agus ar fud an domhain.

Is dlúthchuid de dhlíchóras an AE anois an CRPD. Fágann sé sin nach mór do reachtaíocht agus cleachtais AE a bheith comhsheasmhach le riachtanais an Choinbhinsiúin.

An chaoi a gcuireann baill an Chreata AE an Coinbhinsiún chun cinn:

Parlaimint na hEorpa:

  • cuireann sí cearta daoine faoi mhíchumas chun cinn trí dhíospóireachtaí agus éisteachtaí poiblí, comhdhálacha agus preasagallaimh;
  • bhunaigh sí líonra idir-choiste, a bhfuil an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta  i gceannas air agus a bhfuil baill ó choistí éagsúla air, chun doiciméid agus gníomhaíochtaí a athbhreithniú agus a scagadh, feasacht a mhúscailt i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le míchumas, agus cur chuige comhordaithe a chur chun cinn, más féidir.

An tOmbudsman Eorpach:

  • cabhraíonn sé chun saoránaigh na hEorpa a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí;
  • oibríonn sé le hombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha mar chuid de Líonra Eorpach na nOmbudsman chun dea-chleachtais riaracháin a chur chun cinn ar fud an AE.

Gníomhaireacht an AE um Chearta Bunúsacha (FRA):

  • tugann sí aghaidh ar chearta daoine faoi mhíchumas mar chuid shonrach dá gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt, lena n-áirítear trí fhoilsiú tuarascálacha agus ábhar eile, rannpháirtíocht geallshealbhóirí, cumarsáid agus imeachtaí;
  • déanann sí míchumas a phríomhshruthú i réimsí agus gníomhaíochtaí téamacha eile.

Fóram na hEorpa maidir le Míchumas:

  • cuireann sé cearta daoine faoi mhíchumas chun cinn trí fheachtais chun feasacht a mhúscailt, mar shampla maidir le saoirse gluaiseachta do dhaoine faoi mhíchumas;
  • déanann sé monatóireacht ar chomhlíonadh reachtaíocht agus cleachtais an AE leis an gCoinbhinsiún;
  • tugann sé comhairle theicniúil d’údaráis phoiblí agus phríobháideacha maidir leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme.