An Creat AE don Choinbhinsiún - Cosaint

Nuair a ghlac an tAE leis an gCoinbhinsiún, rinne sé gealltanas chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme laistigh de réimsí inniúlachta an AE, a leagtar amach sna Conarthaí AE. Is faoi fhreagracht na mBallstát AE iad go leor de na réimsí agus ábhar a chuimsíonn an Coinbhinsiún.

Más náisiúnach tú de chuid Ballstáit AE, má tá cónaí ort i gceann de na Ballstáit, nó má tá gnóthas agat san AE, bronnann dlí an Aontais roinnt ceart ort.

Is faoi na creataí monatóireachta náisiúnta agus na cúirteanna go príomha é daoine a chosaint i gcoinne sáruithe ar dhlí an AE. Mar sin, má airíonn tú gur sháraigh na húdaráis náisiúnta na cearta sin, ba cheart an scéal a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí náisiúnta.

Ach má bhaineann do chás le dlí an AE atá infheidhme go díreach do do chás, d’fhéadfadh an tAE a bheith in ann cabhrú leat.

An chaoi a ndéanann baill an Chreata AE cearta faoin gCoinbhinsiún a chosaint

Is féidir le baill an Chreata AE, cuir i gcás Parlaimint na hEorpa  agus an tOmbudsman Eorpach beart a dhéanamh.

Is féidir le saoránaigh achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, ar bealach luachmhar é éisteacht fhoirmeálta a fháil ó institiúidí an AE. Cruthaíonn sé nasc díreach idir an saoránach agus a n-ionadaithe tofa. Ar an gcaoi sin, is féidir aird na Parlaiminte a tharraingt ar sháruithe nó cur chun feidhme mícheart reachtaíochta AE. Tá an Coiste um Achainíocha freagrach as achainíocha i bParlaimint na hEorpa.

Déanann an tOmbudsman Eorpach imscrúdú ar ghearáin a bhaineann le drochriarachán in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Tá sé de cheart acu siúd a gcreideann nach bhfuil institiúid de chuid an AE ag feidhmiú de réir an Choinbhinsiúin sásamh a iarraidh ón Ombudsman.

Dhéileáil an tOmbudsman Eorpach le gearáin a bhain le míchumas i ndáil le hinrochtaineacht foirgnimh institiúidí an AE, ateangaireacht chomharthaíochta ag imeachtaí, inrochtaineacht ábhar ar shuíomhanna gréasáin, agus éilimh árachais sláinte a rinne baill foirne AE a bhfuil leanaí acu faoi mhíchumas.

Más saoránach de Bhallstát an Aontais tú, nó má tá cónaí ort i mBallstát, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach. Is féidir le gnóthais, cumainn nó comhlachtaí eile a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas gearán a dhéanamh leis an Ombudsman.

Tá an chéad leagan de mhíniú soléite ar a cuid oibre, mar aon leis an gcaoi chun gearán a dhéanamh, foilsithe ag an Ombudsman i 24 teanga.

Soláthraíonn Fóram na hEorpa maidir le Míchumas (EDF) faisnéis do dhaoine a chreideann go ndearnadh leithcheal orthu go pearsanta, agus cuireann sé an fhaisnéis sin faoi bhráid na riarachán freagrach chomh maith leis an bpobal.

Tugann EDF cúnamh freisin dóibh siúd atá ag iarraidh sásamh a fháil trí idirghabhálacha tríú páirtí chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine agus an Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta.

Cosaint eile faoi dhlí an AE

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin leis an gCoimisiún Eorpach chun gearán a dhéanamh faoi aon bheart (dlí, rialachán nó gníomh riaracháin), easpa birt nó cleachtas Ballstáit a chreideann tú a bheith ina shárú ar dhlí an Aontais.

Murar saineolaí ar dhlí an AE tú, d’fhéadfadh sé a bheith deacair ort an dlí a chreideann tú gur sáraíodh é a aimsiú. Is féidir leat comhairle a fháil go pras agus go neamhfhoirmeálta i do theanga féin ón tseirbhís Your Europe Advice.

Cosaint lasmuigh de dhlí an AE

Lasmuigh de raon feidhme dhlí an AE, tá do chearta á gcosaint ag bunreacht agus ag dlí do thíre.

Má airíonn tú gur sáraíodh do chearta i gcomhthéacs nach bhfuil cuimsithe ag dlí AE, beidh ort do ghearán a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha, is é sin an rialtas, na cúirteanna náisiúnta nó comhlacht um chearta an duine speisialaithe.

Is féidir leis an uirlis idirghníomhach  cabhrú leat an eagraíocht cheart a aimsiú chun cabhrú leat an cheist atá agat maidir le do chearta bunúsacha a réiteach.