eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Teideal I

Dínit

  • Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint..

  • 1. Tá ag gach duine an ceart chun beatha.

    2. Ní dhéanfar aon duine a dhaoradh chun pionós an bháis ná a chur chun báis.

  • 1. Tá ag gach duine an ceart go dtabharfar meas ar a iomláine nó ar a hiomláine choirp agus mheabhrach.

    2. I réimsí na míochaine agus na bitheolaíochta, ní mór na nithe seo a leanas go háirithe a urramú:

    (a) toiliú saor feasach an duine i dtrácht, de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos le dlí;

    (b) toirmeasc ar chleachtais dea-ghinice, go háirithe na cleachtais sin arb é is aidhm dóibh daoine a roghnú;

    (c) toirmeasc ar fhoinse bhrabúis a dhéanamh den chorp daonna agus de bhaill den chorp, ina gcáil mar chorp agus mar bhaill den chorp;

    (d) toirmeasc ar chlónáil atáirgeach daoine..

  • Ní dhéanfar céastóireacht ar aon duine ná ní chuirfear aon íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach ar aon duine..

  • 1. Ní dhéanfar aon duine a choimeád faoi sclábhaíocht nó faoi dhaoirse.

    2. Ní dhéanfar iallach a chur ar aon duine saothar éignithe nó éigeantach a dhéanamh.

    3. Toirmisctear an gháinneáil ar dhaoine.

Teideal I

Dínit