eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Teideal VII

Forálacha ginearálta

  • 1. Tá forálacha na Cairte seo dírithe ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le hurraim chuí do phrionsabal na coimhdeachta, agus ar na Ballstáit an tráth a gcuireann siad dlí an Aontais chun feidhme, agus an tráth sin amháin. Dá dheasca sin, tabharfaidh siad aird ar na cearta, déanfaidh siad na prionsabail a urramú agus cuirfidh a gcur i bhfeidhm chun cinn i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach agus na teorainneacha atá ar chumhachtaí an Aontais mar atá siad tugtha dó sna Conarthaí á n-urramú acu. 2. Ní dhéanann an Chairt seo raon feidhme dhlí an Aontais a fhorleathnú thar chumhachtaí an Aontais ná aon chumhacht ná aon chúram nua a bhunú don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí atá sainithe sna Conarthaí a mhodhnú..

  • 1. Ní mór foráil le dlí d'aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt seo agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. 2. Déanfar cearta arna n-aithint sa Chairt seo agus dá bhforáiltear sna Conarthaí a fheidhmiú faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá sainithe sna Conarthaí sin. 3. A mhéid a chuimsíonn an Chairt seo cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, is ionann an bhrí agus an raon feidhme a bheidh ag na cearta sin agus an bhrí agus an raon feidhme atá leagtha síos leis an gCoinbhinsiún sin. Ní choiscfidh an fhoráil seo dlí an Aontais ar chosaint níos forleithne a sholáthar. 4. A mhéid a aithníonn an Chairt seo saoirsí bunúsacha mar a leanann siad ó na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, déanfar na cearta sin a léiriú ar aon dul leis na traidisiúin sin. 5. Forálacha den Chairt seo ina bhfuil prionsabail, féadfar iad a chur chun feidhme le gníomhartha reachtacha agus feidhmiúcháin arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus le gníomhartha ó na Ballstáit nuair a bhíonn dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoi seach. Ní fhéadfar iad a agairt os comhair cúirte ach amháin i dtaca le léiriú na ngníomhartha sin agus le rialú ar a ndlíthiúlacht. 6. Tabharfar aird iomlán, faoi mar atá sonraithe sa Chairt seo, ar dhlíthe agus ar chleachtais náisiúnta. 7. Tabharfaidh cúirteanna an Aontais agus na mBallstát aird chuí ar na mínithe arna dtarraingt suas mar threoir ar mhaithe leis an gCairt seo a léiriú.

  • Ní léireofar aon fhoráil sa Chairt seo sa chaoi go ndéanfar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a shrianadh nó a dhochrú mar atá siad arna n-aithint, ina raonta feidhme faoi seach, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit uile ina bpáirtithe iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus le bunreachtanna na mBallstát..

  • Ní léireofar aon ní sa Chairt seo ar dhóigh a thabharfadh le tuiscint go bhfuil aon cheart ann chun gabháil le haon ghníomhaíocht nó aon ghníomh a dhéanamh arb é is aidhm dó na cearta nó na saoirsí atá aitheanta sa Chairt seo a mhilleadh nó iad a theorannú níos mó ná mar a fhoráiltear sa Chairt..

Teideal VII

Forálacha ginearálta