eu-charter

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Teideal VI

Ceartas

  • Tá ag gach duine a ndéantar a chearta nó a cearta agus a shaoirsí nó a saoirsí, arna ráthú le dlí an Aontais, a shárú, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. Tá gach duine i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ó bhinse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí. Beidh an chaoi ag gach duine go ndéanfar é nó í a chomhairliú, a chosaint agus a ionadú. Déanfar cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a mhéad is gá an cúnamh sin chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú.

  • 1. Toimhdeofar gach duine atá cúisithe a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é nó í a bheith ciontach de réir dlí. 2. Déanfar urraim ar na cearta maidir le cosaint aon duine atá cúisithe a ráthú.

  • 1. Ní bhfaighfear aon duine ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta tráth a dhéanta. Ná ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil. Más rud é, tar éis an cion coiriúil a dhéanamh, go bhforáiltear do phionós níos éadroime sa dlí, beidh an pionós sin infheidhme. 2. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do thriail agus do phionósú aon duine i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh a bhí, tráth a dhéanta, coiriúil de réir na bprionsabal ginearálta atá aitheanta ag pobal na náisiún. 3. Ní ceadmhach déine na bpionós a bheith neamhchomhréireach leis an gcion coiriúil..

  • Ní dhlífear aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí.

Teideal VI

Ceartas