Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Airteagal 39 - An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa
Airteagal 39 - An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa
1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina gcónaíonn sé nó sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.
2. Toghfar comhaltaí do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, trí shaorbhallóid rúnda.