Comhar
Oibríonn FRA i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe ar gach leibhéal den Aontas Eorpach chun a áirithiú go bhfuil a chuid gníomhaíochtaí ábhartha do shaincheisteanna reatha i réimse na gceart bunúsach agus go mbeidh siad ábhartha do threochtaí sa todhchaí. Seolann an ghníomhaireacht comhairliúcháin le raon leathan geallsealbhóirí chun a áirithiú go bhfreagraíonn a chuid tionscadal do bhearnaí agus riachtanais ar leith. Chun eolas agus acmhainní a chomhthiomsú, comhordaíonn FRA taighde agus comhroinneann sé saineolas le líon mór eagraíochtaí.
Oibríonn FRA i gcomhar le hInstitiúidí agus Ballstáit AE ar bhonn leanúnach chun sainchomhairle neamhspleách agus anailís ar chearta bunúsacha a chur ar fáil dóibh. Chuir sé líonraí ar bun agus chruthaigh sé naisc le comhpháirtithe ar gach leibhéal chun go sroichfidh an chomhairle agus an taighde uaidh na cinnteoirí i rialtais náisiúnta agus sa AE.
Faoi chuimsiú an chreata sin, coimeádann FRA dlúthchaidreamh oibre ar leith ar bun leo siúd a leanas:

Institiúidí AE agus comhlachtaí eile

An tsochaí shibhialta agus an tArdán um Chearta Bunúsacha

Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, Comhlachtaí Comhionannais agus Institiúidí Ombudsman


