Comhairle na hEorpa

Chun comhlántacht agus breisluach a áirithiú, comhordaíonn an Ghníomhaireacht a cuid gníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí Chomhairle na hEorpa, go háirithe maidir lena Clár Oibre Bliantúil agus maidir le comhar leis an tsochaí shibhialta. Chuige sin, chuaigh an Comhphobal Eorpach isteach i gcomhaontú le Comhairle na hEorpa chun dlúthchomhar a bhunú idir Comhairle na hEorpa agus an Ghníomhaireacht. I mí Iúil 2020, d’ainmnigh Comhairle na hEorpa Philippe Boillat mar dhuine neamhspleách chun fónamh ar Bhord Feidhmiúcháin FRA agus ar Bhord Bainistíochta FRA, agus d’ainmnigh sí Lawrence Early mar chomhalta malartach.

Glacann an duine neamhspleách atá ceaptha ag Comhairle na hEorpa páirt i gcinnteoireacht an Bhoird Bhainistíochta, arb iad na príomhchúraimí atá air an Clár Oibre Bliantúil agus an Tuarascáil Bhliantúil a ghlacadh agus comhaltaí den Choiste Eolaíoch a cheapadh.

Tá Philippe Boillat ag teacht i gcomharbas ar an Oll. Rainer Hofmann. Bhí Iníon de Boer-Buquicchio agus an tUas. Guy De Vel ar na comhaltaí roimhe.

Oibríonn FRA i ndlúthchomhar leis na comhlachtaí seo a leanas de chuid Chomhairle na hEorpa:

Déan teagmháil le:

Massimo Toschi, Teagmhálaí FRA um chomhar le Comhairle na hEorpa
FRA_CoEcooperation(at)fra.europa.eu

Downloads