Ballstáit AE Oibríonn

FRA le gach ceann de Bhallstáit AE chun cabhrú le feabhas a chur ar an dóigh a ndéantar cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal áitiúil.

Bratach AE

Cabhraíonn an cúnamh agus an saineolas ón ngníomhaireacht leis na Ballstáit cearta bunúsacha a urramú go hiomlán agus dlí AE á chur chun feidhme acu. Comhlánaíonn sé sin comhar na gníomhaireachta le hInstitiúidí AE.

Chun dlúthchaidreamh oibre le FRA a áirithiú, ceapann gach Ballstát oifigeach rialtais a oibríonn go díreach le FRA mar Oifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh.

Is iad na hOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh na príomhphointí teagmhála don ghníomhaireacht sna Ballstáit. Cabhraíonn malartú leanúnach agus cruinnithe tráthrialta le comhpháirtíocht láidir oibre a chruthú, ar dá barr a áirithítear go gcomhroinntear faisnéis agus go n-aithnítear riachtanais náisiúnta agus go dtugtar aghaidh orthu.

Bíonn deis ag na hOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh tuairimí a chur isteach ar na dréachtchláir oibre bhliantúla ó FRA. Tugann sé sin tuiscint níos fearr don ghníomhaireacht ar an gcineál anailíse agus cúnaimh i réimse na gceart bunúsach a theastaíonn ó na Ballstáit chun beartas eolach a chur le chéile. Tugann an ghníomhaireacht eolas do na hOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh ar bhonn tráthrialta faoi fhionnachtana taighde, faoi thuarascálacha atá le teacht agus faoi ghníomhaíochtaí, agus tugann na hOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh aiseolas faoi thairbhe agus ábharthacht obair na gníomhaireachta. Cabhraíonn na hOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh freisin le hobair FRA a chur in iúl do na haireachtaí náisiúnta, na ranna agus na comhlachtaí rialtais lena mbaineann.

Ó mhí Dheireadh Fómhair 2017 amach, tá an Mhacadóin Thuaidh ag glacadh páirt in obair FRA mar bhreathnóir. Ó mhí Iúil 2018 amach, tá an tSeirbia ag glacadh páirt in obair FRA mar bhreathnóir.

Comhar tionscadal

Coinníonn FRA teagmháil thráthrialta ar bun le saineolaithe rialtais i riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus eagraíonn sé cruinnithe leo i gcomhthéacs tionscadal sonrach. Is é an toradh atá ar an gcomhar sin go gcuirtear ar chumas na gníomhaireachta freagairt ar bhealach níos fearr do riachtanais na gcleachtóirí agus na n-oifigeach atá freagrach as cearta bunúsacha a choimirciú ar gach leibhéal den rialtas.

Mar shampla, is amhlaidh, mar chuid dá clár i leith na Romach, go bhfuil an ghníomhaireacht ag obair i ndlúthchomhar le Ballstáit AE chun forbairt a dhéanamh ar mhodhanna lena dtomhaistear an dul chun cinn ar lánpháirtiú na Romach ar fud AE. I réimse eile, bailíonn FRA fianaise ar a mhéid a urramaítear cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscne san AE. Déanann sé amhlaidh chun cabhrú le rialtais beartais a fhorbairt ar aon dul le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, rud lena dtoirmisctear idirdhealú atá bunaithe ar an treoshuíomh gnéasach.

Déan teagmháil le:

nlo@fra.europa.eu