- Text:
Tarraingíonn an tAirteagal seo ar Airteagal 24 den Chairt Shóisialta athbhreithnithe. Féach freisin Treoir 2001/23/CE maidir le cearta fostaithe a choimirciú i gcás gnóthais a aistriú, agus Treoir 80/987/CEE maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra, arna leasú le Treoir 2002/74/CE.
Source:Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
Airteagal 30 - Cosaint i gcás ina dtarlaíonn dífhostú neamh-inleithscéil
Tá ag gach oibrí an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú neamh-inleithscéil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.
CHARTERPEDIA RESOURCES