- Text:
Tá téacs an Airteagail bunaithe ar Airteagal 63 de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina ionad anois, a chuireann de cheangal ar an Aontas Coinbhinsiún na Ginéive maidir le dídeanaithe a urramú. Ba chóir tagairt a dhéanamh do na Prótacail a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn, atá i gceangal leis na conarthaí, agus leis an Danmhairg, d'fhonn a chinneadh a mhéid a dhéanann na Ballstáit sin dlí an Aontais sa réimse seo a chur chun feidhme agus a mhéid atá an tAirteagal seo infheidhme maidir leo. Tá an tAirteagal seo ag teacht leis an bPrótacal maidir le tearmann atá i gceangal leis na conarthaí.
Source:Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
Airteagal 18 - An ceart chun tearmainn
Ráthófar an ceart chun tearmainn agus urraim chuí á tabhairt do rialacha Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Phrótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "na Conarthaí" anseo feasta).
CHARTERPEDIA RESOURCES
Mínithe
Cásdlí
National Constitutional Law
Dlí an AE
Dlí idirnáisiúnta
Táirgí
Pagination
- First page
- Previous page
- Page 1
- Page 2
- Page 3
- Page 4
- Page 5
- Page 6
- Page 7
- Current page 8
Pagination
- First page
- Previous page
- Page 1
- Page 2
- Page 3
- Page 4
- Page 5
- Page 6
- Page 7
- Current page 8