- Text:
Freagraíonn an tAirteagal seo d'Airteagal 17 den CECD:
`Ní cead aon ní sa Choinbhinsiún seo a léiriú mar ní a bheir d'aon Stát, grúpa, nó duine ceart ar bith chun páirt a ghlacadh in aon ghníomh d'fhonn aon chearta nó saoirse dá luaitear anseo a dhíothú, nó a theorannú thar mar a fhoráiltear sa Choinbhinsiún seo.`
[*] Nóta ón eagarthóir: Tá na tagairtí d'uimhreacha Airteagal sa Chonradh tugtha cothrom le dáta agus tá ceartú déanta ar earráidí follasacha áirithe.
Source:Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
Airteagal 54 - Toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid
Ní léireofar aon ní sa Chairt seo ar dhóigh a thabharfadh le tuiscint go bhfuil aon cheart ann chun gabháil le haon ghníomhaíocht nó aon ghníomh a dhéanamh arb é is aidhm dó na cearta nó na saoirsí atá aitheanta sa Chairt seo a mhilleadh nó iad a theorannú níos mó ná mar a fhoráiltear sa Chairt..
CHARTERPEDIA RESOURCES