- Text:
Is iad na cearta atá in Airteagal 6 na cearta a ráthaítear in Airteagal 5 den CECD agus, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, is ionann brí agus raon feidhme dóibh. Dá bhrí sin, ní fhéadfar níos mó de theorainneacha a chur go dlisteanach leo ná na teorainneacha a cheadaítear sa CECD, mar atá in Airteagal 5:
`1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse agus slándála a phearsan. Ní bhainfear a shaoirse d'aon duine ach amháin sna cásanna seo a leanas agus de réir nós imeachta a bheas ordaithe leis an dlí:
(a) duine a choinneáil go dleathach tar éis é a chiontú ag cúirt inniúil;
(b) duine a ghabháil nó a choinneáil go dleathach toisc gan é do dhéanamh de réir ordaithe dleathaigh cúirte nó chun a chur faoi dear go gcomhlíonfar aon oibleagáid a bheas ordaithe leis an dlí;
(c) duine a ghabháil nó a choinneáil go dleathach chun é a thabhairt os comhair an údaráis dhlíthiúil inniúil as amhras réasúnach go bhfuil sé tar éis cion a dhéanamh nó nuair a mheasfar go réasúnach gur gá sin chun é a chosc ó chion a dhéanamh nó ó theitheadh i ndiaidh cion a dhéanamh;
(d) mionaoiseach a choinneáil le hordú dleathach chun maoirsiú a dhéanamh ar a chuid oideachais nó é a choinneáil go dleathach chun é a thabhairt os comhair an údaráis dhlíthiúil inniúil;
(e) daoine a choinneáil go dleathach chun galair tógálach a chosc ó leathadh agus daoine mímheabhracha, anphótairí, andúiligh i ndrugaí, nó fuadairí a choinneáil amhlaidh;
(f) duine a ghabháil nó a choinneáil go dleathach chun é a chosc ó theacht isteach gan údarás sa tír, nó duine a ghabháil nó a choinneáil amhlaidh a bhfuil beart á thionscnamh ina choinne d'fhonn é d'ionnarbadh nó d'eiseachadadh.
2. Gach uile dhuine a ghabhfar, cuirfear in iúl dó gan mhoill, i dteanga a thuigfeas sé, na cúiseanna ar gabhadh é agus aon chúiseamh atáthar a chur ina leith.
3. Gach uile dhuine a ghabhfar nó a choinneofar do réir fhorálacha mhír 1(c) den Airteagal seo, tabharfar gan mhoill é os comhair breithimh nó oifigigh eile ag a bhfuil údarás ón dlí chun cumhacht bhreithiúnach d'fheidhmiú agus beidh sé i dteideal go dtriailfí é laistigh d'am réasúnach nó go saorfaí é ag feitheamh ar a thriail. Féadfar coinníoll a chur lena shaoradh go dtabharfaidh sé ráthaíocht go láithreoidh chun a thriala.
4. Gach uile dhuine a mbainfear a shaoirse de trína ghabháil nó trína choinneáil beidh sé i dteideal imeachta a thionscnamh trína gcinnfidh cúirt go haibéil dlisteanas a choinneála trína n-ordófar é a shaoradh mura dleathach é a choinneáil.
5. Gach uile dhuine a ndéanfar gabháil nó coinneáil air contrártha d'fhorálacha an Airteagail seo, beidh aige ceart, is féidir a chur a bhfeidhm, chun cúiteamh d'fháil.`
Ní mór na cearta atá cumhdaithe in Airteagal 6 a urramú, go háirithe nuair a bheidh dlíthe agus gníomhartha reachtacha á nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, ar bhonn Airteagail 82, 83 agus 85 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe chun na forálacha íosta coiteanna a shainmhíniú maidir le cionta agus pionóis a aicmiú agus maidir le gnéithe áirithe den dlí nós imeachta.Source:Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
Airteagal 6 - An ceart chun saoirse agus slándála
Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse agus slándála pearsan.
CHARTERPEDIA RESOURCES
Mínithe
Cásdlí
National Constitutional Law
Dlí an AE
Dlí idirnáisiúnta
Táirgí
Pagination
- First page
- Previous page
- Page 1
- Page 2
- Page 3
- Page 4
- Page 5
- Current page 6
Pagination
- First page
- Previous page
- Page 1
- Page 2
- Page 3
- Page 4
- Page 5
- Current page 6