- Text:
Freagraíonn na cearta a ráthaítear in Airteagal 7 do na cearta a ráthaítear in Airteagal 8 den CECD. Chun forbairtí sa teicneolaíocht a chur san áireamh, tá an focal `cumarsáid` curtha isteach in ionad an fhocail `comhfhreagras`.
I gcomhréir le hAirteagal 52(3) is ionann brí agus raon feidhme dó agus don Airteagal comhfhreagrach sa CECD. Dá dheasca sin, is ionann na teorainneacha a fhéadfar a fhorchur go dlisteanach leis an gceart seo agus na teorainneacha a cheadaítear le hAirteagal 8 den CECD:
`1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun go mba slán dó a shaol príobháideach agus saol a theaghlaigh, a ionad cónaithe agus a chomhfhreagras.
2. Ní chuirfidh aon údarás poiblí isteach ar fheidhmiú an chirt seo, ach sa mhéid go mbeidh sin de réir an dlí agus riachtanach i ndaonlathas ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta, le sábháilteacht an phobail nó le leas eacnamaíoch na tíre, chun anord nó coiriúlacht a chosc, chun sláinte nó moráltacht a chosaint nó chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.`Source:Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
Airteagal 7 - Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh
Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú.
CHARTERPEDIA RESOURCES