Eolas maidir le FRA
Aithnítear sinn mar ionad barr feabhais uathúil neamhspleách chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint san Aontas.
Cruthaíodh muid chun cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip chun cónaí agus oibriú inti. Cuidímid le cearta bunúsacha gach duine atá ina gcónaí san Aontas a chosaint.
Cruthaíodh muid chun cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip chun cónaí agus oibriú inti. Cuidímid le cearta bunúsacha gach duine atá ina gcónaí san Aontas a chosaint.

Sainmhíníonn cearta bunúsacha caighdeáin íosta lena áirithiú go gcaitear le gach duine le dínit.
Cuidímid leis na cearta seo a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear:
- An ceart chun a bheith saor ó idirdhealú mar gheall ar aois, míchumas nó cúlra eitneach,
- An ceart chun do shonraí pearsanta a chosaint,
- An ceart chun rochtain ar cheartas a fháil.
Inár bhfoireann tá saineolaithe dlí, eolaithe polaitiúla agus sóisialta, staitisteoirí agus speisialtóirí cumarsáide.
Is í an aidhm atá againn ná cultúr de chearta bunúsacha a spreagadh ar fud an Aontais.
Déanaimid plé le páirtithe leasmhara ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal idirnáisiúnta. Comhroinneann ár bhfoireann léargais fhianaise-bhunaithe agus comhairle le lucht déanta polasaithe agus le cinnteoirí.