- Text:
Tá an tAirteagal seo ag teacht go hiomlán le hAirteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ní chruthaítear aon cheart nua leis. Níl ann ach go leagtar amach ann an prionsabal go n-urramóidh an tAontas an rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta dá bhforáiltear sna forálacha náisiúnta, nuair a bheidh na forálacha sin ag luí le dlí an Aontais.
Source:Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
Airteagal 36 - Rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe le leas eacnamaíoch ginearálta dá bhforáiltear i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta, i gcomhréir leis na Conarthaí, d'fhonn comhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn.
CHARTERPEDIA RESOURCES