- Text:
Tarraingíonn an tAirteagal seo ar Airteagal 23 de Chairt Shóisialta na hEorpa arna hathbhreithniú agus ar Airteagail 24 agus 25 den Chairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe. Ar ndóigh, clúdaíonn rannpháirtíocht sa saol sóisialta agus sa saol cultúrtha rannpháirtíocht sa saol polaitiúil freisin.
Source:Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 303/17 - 14.12.2007Preamble - Explanations relating to the Charter of Fundamental Rights:Ullmhaíodh na mínithe seo i dtosach faoi údarás Praesidium an Choinbhinsiúin a dhréachtaigh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tugadh suas chun dáta iad faoi chúram Praesidium an Choinbhinsiúin Eorpaigh i bhfianaise na gcoigeartuithe dréachtaithe a rinne an Coinbhinsiún sin ar théacs na Cairte (go háirithe ar Airteagail 51 agus 52) agus i bhfianaise an fhoráis a tháinig ar dhlí an Aontais. Cé nach bhfuil stádas dlí acu iontu féin, is mór is fiú iad mar uirlis léirithe arb é is aidhm di forálacha na Cairte a shoiléiriú.
Airteagal 25 - Cearta daoine scothaosta
Aithníonn agus urramaíonn an tAontas cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha.
CHARTERPEDIA RESOURCES
Mínithe
Cásdlí
National Constitutional Law
Dlí an AE
Dlí idirnáisiúnta
Táirgí
Pagination
- First page
- Previous page
- Page 1
- Current page 2
- Page 3
- Next page
- Last page
Pagination
- First page
- Previous page
- Page 1
- Current page 2
- Page 3
- Next page
- Last page