Saoirsí
Airteagal 13 - Saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí
Beidh na healaíona agus an taighde eolaíoch saor ó shriantacht. Déanfar an tsaoirse acadúil a urramú.
Fionntar an ceart seo go príomha ón gceart chun saoirse smaoinimh agus chun tuairimí a nochtadh. Tá sé le feidhmiú ag féachaint d'Airteagal 1 agus féadfar é a chur faoi réir na dteorainneacha a údaraítear le hAirteagal 10 den CECD.