1. Sa bhreithiúnas a thug sí an 9 Deireadh Fómhair 2001 i gCás C–377/98 an Ísiltír v. Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle 2001 ECR I-7079, forais Uimh. 70, 78 – 80, dhaingnigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cuid de dhlí an Aontais ceart bunúsach an duine chun a iomláine agus go gcuimsíonn sé, i gcomhthéacs na míochaine agus na bitheolaíochta, saorthoiliú feasach an deontóra agus an fhaighteora.
2. Tá prionsabail Airteagal 3 den Chairt san áireamh cheana féin sa Choinbhinsiún um Chearta an Duine agus an Bhithmhíochaine, arna ghlacadh ag Comhairle na hEorpa (ETS 164 agus prótacal breise ETS 168). Níl sé d'aidhm ag an gCairt imeacht ó na prionsabail sin agus ní thoirmisctear dá bhrí sin ach an chlónáil atáirgeach. Ní údaraítear ná ní thoirmisctear foirmeacha eile clónála. Ní choisceann sí mar sin, beag ná mór, ar an reachtas saghsanna eile clónála a thoirmeasc.
3. An tagairt do chleachtais dea-ghinice, go háirithe na cleachtais sin arb é is aidhm dóibh daoine a roghnú, baineann sí leis na hócáidí sin a d'fhéadfadh a bheith ann ina ndéantar cláir roghnaithe a eagrú agus a chur chun feidhme, a chuimsíonn feachtais aimridithe, an toircheas éigeantach, cleamhnais eitneacha éigeantacha, gan ach iad a lua; gníomhartha iad uile a meastar gur cionta idirnáisiúnta iad i Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta arna ghlacadh sa Róimh an 17 Iúil 1998 (féach Airteagal 7(1)(g) de).