Dlúthpháirtíocht
Airteagal 37 - Cosaint an chomhshaoil
Ní mór ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a lánpháirtiú i mbeartais an Aontais, agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.
Tá na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo bunaithe ar Airteagail 2, 6 agus 174 de Chonradh CE, a bhfuil Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagail 11 agus 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh curtha ina n-ionad anois. Tarraingíonn sé freisin ar fhorálacha roinnt bunreachtanna náisiúnta.