Cearta na saoránach
Airteagal 43 - Ombudsman Eorpach
Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina cáil bhreithiúnach, a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach.
An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is é an ceart a ráthaítear le hAirteagail 20 agus 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá feidhm aige faoi na coinníollacha a shainítear sa dá Airteagal sin.