Ráthófar an ceart chun tearmainn agus urraim chuí á tabhairt do rialacha Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Phrótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "na Conarthaí" anseo feasta).
1. Toirmiscfear díbirtí comhchoiteanna. 2. Ní fhéadfar aon duine a aistriú, a dhíbirt nó a eiseachadadh chuig Stát ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfar é nó í a chur faoi phionós an bháis nó a chéasadh nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach a chur air nó uirthi.