San fhoilseachán seo, cuirtear i láthair tuairimí ó FRA faoi na príomhfhorbairtí sna réimsí téamacha a chumhdaítear agus déantar achoimre ar an bhfianaise a thacaíonn leis na tuairimí sin. Ar an mbealach sin, tugtar forbhreathnú atá achomair agus faisnéiseach ar na príomhdhúshláin i dtaca le cearta bunúsacha a bhfuil ar an Aontas agus na Ballstáit dul i ngleic leo.