Tógadh céimeanna chun tosaigh agus céimeanna ar gcúl araon i ndáil le cosaint ceart bunúsach sa bhliain 2023. In Fundamental Rights Report 2024 (Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2024) de chuid FRA, féachtar siar ar na forbairtí sa réimse agus sainaithnítear na héachtaí a bhí ann agus réimsí ar ábhair imní iad go fóill araon. San fhoilseachán seo, cuirtear i láthair tuairimí FRA faoi na príomhfhorbairtí sna réimsí téamacha a chumhdaítear agus déantar achoimre ar an bhfianaise a thacaíonn leis na tuairimí sin. Ar an gcaoi sin, tugtar forbhreathnú gairid, ach faisnéiseach, ar na príomhdhúshláin i dtaca le cearta bunúsacha atá roimh an AE agus na Ballstáit.