In Fundamental Rights Report 2024 (Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2024), déantar iniúchadh ar théamaí na géarchéime costais maireachtála, an daonlathais agus na saoirsí bunúsacha, agus ar an staid maidir le cearta bunúsacha ag teorainneacha seachtracha an AE. Cuirtear i láthair inti athbhreithniú tráthúil ar na bagairtí is práinní ar chearta bunúsacha san Eoraip. Déantar iniúchadh inti freisin ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme Chairt um Chearta Bunúsacha an AE.
Cé nach ndírítear sa tuarascáil ach ar na príomh-shaincheisteanna sin, ba bhliain í 2023 ina raibh bagairtí iomadúla ar chearta agus ar shaoirsí bunúsacha. Is dúshláin thromchúiseacha do chearta bunúsacha iad bagairtí ar luachanna daonlathacha agus ar an spás sibhialta, mar aon le fuath agus bréagaisnéis ar líne. Is amhlaidh atá sé maidir leis an ardú i gciníochas agus san éadulaingt a bhaineann leis. Ag an am céanna, tá an bhochtaineacht ag dul i méid san Eoraip le linn ghéarchéim costais maireachtála agus í fós ag dul i ngleic leis an imirce, atá ina saincheist dheighilteach. Tá an baol ann go dtreiseoidh gníomhaíocht riachtanach maidir leis an athrú aeráide na cineálacha imeallaithe sóisialta agus eacnamaíoch atá ann cheana féin. Sa chomhthéacs sin, cuirtear i láthair sa tuarascáil seo forléargas achomair ar na príomh-shaincheisteanna téamacha agus moltar inti conas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cearta bunúsacha.
Tá sé mar aidhm ag tuairimí FRA atá sa tuarascáil seo lucht déanta beartas agus reachtóirí a chur ar an eolas trí ghníomhartha a leagan amach don AE agus do na Ballstáit. In éineacht leis an tuarascáil iomlán, leagann FRA amach bealaí chun cinn chun Eoraip níos cuimsithí a bhaint amach atá bunaithe ar chearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn.