Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Airteagal 19 - Cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh
Airteagal 19 - Cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh
1. Toirmiscfear díbirtí comhchoiteanna.
2. Ní fhéadfar aon duine a aistriú, a dhíbirt nó a eiseachadadh chuig Stát ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfar é nó í a chur faoi phionós an bháis nó a chéasadh nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach a chur air nó uirthi.