Dlúthpháirtíocht
Airteagal 27 - Ceart oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin sa ghnóthas
Ní mór a ráthú go dtabharfar faisnéis d'oibrithe nó dá gcuid ionadaithe agus go ndéanfar comhairliúchán leo, ar gach leibhéal iomchuí agus in am trátha, sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus i ndlíthe agus i gcleachtais náisiúnta.
Tá an tAirteagal seo le fáil i gCairt Shóisialta na hEorpa arna hathbhreithniú (Airteagal 21) agus sa Chairt Chomhphobail maidir le cearta le haghaidh oibrithe (pointí 17 agus 18). Tá feidhm aige faoi na coinníollacha a leagtar síos le dlí an Aontais agus le dlíthe náisiúnta. An tagairt do leibhéil iomchuí, is tagairt í do na leibhéil a leagtar síos le dlí an Aontais nó le dlíthe nó le cleachtais náisiúnta, agus d'fhéadfadh an leibhéal Eorpach a bheith ar áireamh anseo nuair a fhoráiltear amhlaidh le reachtaíocht an Aontais. Tá acquis an Aontais sa réimse seo suntasach: Airteagail 154 agus 155 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Treoracha 2002/14/CE (creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo), 98/59/CE (iomarcaíochtaí comhchoiteanna), 2001/23/CE (gnóthais a aistriú) agus 94/45/CE (Comhairlí oibreacha Eorpacha).