Dlúthpháirtíocht
Airteagal 28 - An ceart chun cómhargántaíochta agus chun gníomhaíochta comhchoitinne
Tá an ceart ag fostóirí agus ag fostaithe, nó ag a n-eagraíochtaí faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích ar na leibhéil iomchuí agus, má tá coinbhleacht leasa ann, chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh, lena n-áirítear dul ar stailc, chun a leasanna féin a chosaint.
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 6 de Chairt Shóisialta na hEorpa agus ar an gCairt Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe (pointí 12 go 14). D'aithin an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an ceart chun gníomhaíochta comhchoitinne mar cheann de na gnéithe de na cearta ceardchumainn atá leagtha síos le hAirteagal 11 den CECD. Maidir leis na leibhéil iomchuí a bhféadfadh an chaibidlíocht chomhchoiteann tarlú orthu, féach an míniú a thugtar ar an Airteagal roimhe seo. Is faoi dhlíthe agus faoi chleachtais náisiúnta a thagann na rialacha mionsonraithe agus na teorainneacha maidir le gníomhaíocht chomhchoiteann a fheidhmiú, lena n-áirítear dul ar stailc, agus lena n-áirítear an cheist i dtaobh an féidir an ghníomhaíocht sin a reáchtáil go comhuaineach i roinnt Ballstát.