Cearta na saoránach
Airteagal 42 - An ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid
Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad.
An ceart a ráthaítear san Airteagal seo, is as Airteagal 255 de Chonradh CE, a ndearnadh Rialachán (CE) 1049/2001 a ghlacadh ar a bhonn ina dhiaidh sin, a eascraíonn sé. Tá an Coinbhinsiún Eorpach tar éis an ceart seo a leathnú ionas go mbainfidh sé le doiciméid de chuid institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí i gcoitinne, beag beann ar a bhfoirm (féach Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, feidhmítear an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.